← Chuir sí ceist ar a máthair cá deachaigh an bheirt eile. 🔊
← Dúirt an mháthair léi gur chuir sise ar shiúl iad, ná go raibh sí ina ndiaidh achan áit a rachadh siad. 🔊
← D'iarr sí ar a máthair ansin toirtín a dhéanamh di, ná go raibh sise ag imeacht fosta. 🔊
← Rinne an mháthair an toirtín agus d'imigh sí léi. 🔊
← Shiúil sí léi go gasta, nó go bhfuair sí suas leis an bheirt eile. 🔊
← Thosaigh siad á cur na bhaile, ach ní rachadh sí daofa. 🔊
← I lár na hoíche, nuair a bhí deireadh ina gcodladh, d'éirigh Máire agus chuir sí na ribíní ar an triúr acu féin. 🔊
← D'éirigh Máire ansin, agus d'imigh sí féin agus a dá dheirfiúr leo. 🔊